Coláiste Cholmcille

Clár Gairme na hArdteiste

CGAT (LCVP)

Gairmchlár na hArdteistiméireachta

Clár Ardteistiméireachta ina ndírítear ar fhiontraíocht agus ullmhúcháin do shaol na hoibre is ea Gairmchlár na hArdteistiméireachta. Sa chlár Ardteistiméireachta dhá bhliain seo nasctar neart na hArdteistiméireachta Bunaithe agus fócas dinimiciúil ar fhoghlaim féintreoraithe, fiontraíocht, obair agus an pobal. Is beag idir Gairmchlár na hArdteistiméireachta agus an Ardteistiméireacht Bhunaithe. An difríocht ná go roghnaíonn na scoláirí cuid de na hábhair as sraith gairmábhar, déanann siad staidéar ar chúrsa aitheanta i nua-theanga Eorpach agus déanann siad dhá chúrsa eile, ar a dtugtar Nascmhodúil, a bhaineann le hUllmhúcháin do Shaol na hOibre agus Oideachas Fiontraíochta. Féach ar Ráiteas Ghairmchlár na hArdteistiméireachta le tuilleadh a fháil amach faoi aidhmeanna an chláir.

Is clár Ardteistiméireachta é Gairmchlár na hArdteistiméireachta (GCAT) ina bhfuil gné ghairme mhéadaithe le fócas láidir ar an bhfiontraíocht sa bhaile, ar an scoil agus ar an bpobal. Cuimsíonn an clár dhá bhliain seo láidreachtaí acadúla na hArdteistiméireachta (bunaithe) mar aon le fócas dinimiciúil ar an bhfoghlaim fhéinstiúrtha, ar an bhfiontraíocht, ar an obair agus ar an bpobal. Is é atá difriúil faoi GCAT go roghnaíonn an scoláire staidéar a dhéanamh ar chuid dá n-ábhair Ardteistiméireachta ó thacar faoi leith gairmábhar (liosta samplach óchiorclán 0040/2013). Déanann an scoláire staidéar freisin ar chúrsa aitheanta i nuatheanga Eorpach agus tá dhá chúrsa breise le déanamh, ar a dtugtarNascmhodúil, sna réimsí Ullmhú do Shaol na hOibre agus Oideachas Fiontraíochta.

Is é príomhsprioc GCAT daoine óga a ullmhú do shaol daoine fásta trína chinntiú go bhfaighidh siad oideachas sa chiall is leithne, go mbeidh sé ar a gcumas déileáil leis an saol agus cruthú go maith i dtimpeallacht atá ag athrú go gasta. Spreagtar rannpháirtithe sa chlár chun scileanna agus inniúlachtaí a fhorbairt atá ríthábhachtach maidir leis an ngnóthú acadúil agus gairmiúil araon.

Gairmchlár na hArdteistiméireachta

Is é atá i ngach ceann de na Nascmhodúil ceithre aonad mar a thaispeántar thíos, a bhfuil rogha torthaí foghlama ag gach ceann acu.

Cliceáil ar an íomhá thuas chun breathnú ar an acmhainn seo

Measúnú GCAT

Ar chríochnú an chláir, ní mór don scoláire punann oibre a chur i láthair a cuireadh i gcrích thar imeacht dhá bhliain de staidéar dóibh, ina bhfuil sé mhír; ceithre mhír éigeantacha nó “croímhíreanna” agus dhá mhír roghnacha. Is ionann sin agus 60 faoin gcéad dá ngrád deiridh. Bíonn scrúdú scríofa deiridh ar siúl i mBealtaine an tséú bliain agus is ionann sin agus an 40% eile de ghrád an scoláire. Bronntar ceann amháin de cheithre ghrád ar iarrthóirí ar chríochnú an chláir dóibh: gradam, tuillteanas, pas nó neamhrathúil. NB: Tá socruithe malartacha curtha i bhfeidhm don bhliain acadúil 2020/2021 agus is féidir breathnú orthu ar education.ie trí chliceáilanseo.

Indreabhán, Co. na Gaillimhe
091 593 119
Teagmháil linn
Suíomh / Location
© 2024 Coláiste Cholmcille