Coláiste Cholmcille

Ardteist Fheidhmeach

Clár ardteistiméireachta dhá bhliain is ea an Ardteistiméireacht Fheidhmeach, don scoláire a dteastaíonn uaidh clár praiticiúil nó clár dírithe ar ghairm a leanúint, seachas an ardteistiméireacht bhunaithe. Cuirtear cúrsaí éagsúla ar fáil atá bunaithe ar thrí ghné; Ullmhú le haghaidh Gairme, Gairmoideachas agus Oideachas Ginearálta. Tá an clár seo dírithe ar an scoláire a ullmhú don saol oibre agus/nó cúrsaí tríú leibhéal.

Aithníonn an clár seo buanna na scoláirí agus tugtar an deis dóibh freagracht pearsanta, féinmheas agus féinaithne a fhorbairt. Cuirtear an bhéim ar láidreachtaí agus buanna na scoláirí agus cén chaoi iad sin a úsáid sa saol.

Déantar measúnú leanúnach ar obair na scoláirí thar tréimhse an chúrsa agus bronntar creidiúintí dá réir. Déanann na scoláirí taithí oibre leanúnach le linn an dá bhliain agus dá bhrí sin osclaíonn an Ardteist Fheidhmeach doirse oibre do na scoláirí a dhéanann an cúrsa seo.

Eolas faoin Ardteist Fheidhmeach anseo

Eolas ón NCCA

Eolas do scoláirí faoin Ardteist Fheidhmeach anseo

Indreabhán, Co. na Gaillimhe
091 593 119
Teagmháil linn
Suíomh / Location
© 2024 Coláiste Cholmcille