Coláiste Cholmcille

Focal on bPríomhoide

Fáilte go Coláiste Cholmcille.

Brú ar an bpictiúr chun eolas a fháil

20210414_160545_Moment.jpg

Fáilte romhat chuig suíomh Choláiste Cholmcille. Tá an rannóg 'Ócáid Eolais' seo curtha le chéile chun eolas faoin scoil a roinnt, go h-áirithe nuair nach féidir linn daoine a thabhairt ag an scoil d'oíche oscailte faoi láthair de bharr COVID-19.

Tá muid an-bhródúil as ár gcuid scoláirí agus tá siad an-bhródúil as an scoil. Éiríonn le scoláirí Choláiste Cholmcille sár-thorthaí a bhaint amach i scrúduithe an Stáit bliain i ndiaidh bliana. Freastalaíonn an scoil ar gach uile chumais sa bpobal.

Fásann ár scoláirí idir foghlaim acadúil agus forbairt phearsanta i dtimpeallacht shábháilte. Ní cheadaítear do scoláirí an scoil a fhágáil ag am lóin. Cuirtear lón folláin ar fáil sa scoil do na scoláirí.

Tá áiseanna den scoth ar fáil ag agus don scoil, idir áiseanna teagaisc agus foghlama, áiseanna theicneolaíochta agus áiseanna spóirt de. Cuirtear peil, sacar, cispheil, agus lúthchleasaíocht ar fáil. Glacann na scoláirí páirt ghníomhach i gcomórtais díospóireachta, drámaíochta agus ceoil go háitiúil agus go náisiúnta agus iliomad duaiseanna náisiúnta bainte amach acu.

Tá muid an-bhródúil as clár na hIdirbhliana. Cé go bhfuil an Idirbhliain roghnach i gColáiste Cholmcille, roghnaíonn an chuid is mó de na scoláirí tabhairt faoin bhliain fíor-spéisiúil agus fíor-thairbheach seo.

Tá clár Fiontraíochta den scoth sa scoil agus duaiseanna idirnáisiúnta bainte amach ag ár scoláirí anseo.

Tá cáil ar Choláiste Cholmcille ar an gclár Tacaíocht Foghlama agus clár Riachtanais Speisialta Oideachais atá sa scoil chomh maith le réimse tacaíochta eile atá ar fáil do na scoláirí.

Tá an scoil an-ghníomhach sa Scéim Aitheantais do Scoileanna Gaeltachta agus fíor-thiomanta chun an stádas sin a bhaint amach. Cuirtear an-bhéim ar oidhreacht agus ar thraidisiúin an cheantair agus é sin le feiceáil go suntasach in imeachtaí na scoile.

Tá an scoil feistithe go hard-chaighdeán teicneolaíochta chun cur le teagasc agus foghlaim na scoláirí.

Tá forbairt ollmhór ceadaithe don scoil agus is cinnte go ndéanfaidh sé seo an-leas do phobal na Scoile agus do phobal Chois Fharraige.

Ar deireadh, tá súil agam go smaoineoidh tú go láidir ar do ghasú(i)r a chuir chuig an scoil againn, go bhfanfaidh siad i measc a bpobal féin agus go mbeidh an pobal áitiúil níos láidre agus níos saibhre dá bharr sin.

Bainstíocht Choláiste Cholmcille.

Indreabhán, Co. na Gaillimhe
091 593 119
Teagmháil linn
Suíomh / Location
© 2024 Coláiste Cholmcille