Coláiste Cholmcille

An Idirbhliain

FÁILTE CHUIG SUÍOMH IDIRLÍN CHLÁR NA hIDIRBHLIANA

Tá Coláiste Cholmcille an-bhródúil as cúrsa na hIdirbhliana atá forbartha sa Scoil. Tá réimse an-leathan d’imeachtaí agus de chúrsaí, idir acadúla & féin-fhorbartha, san Idirbhliain. Tá cúrsa na hIdirbhliana roghnach faoi láthair ach glacann formhór na scoláirí páirt ann. Is cinnte go mbíonn daoine óga níos cumasaigh, níos aibí agus níos ábalta ag fágáil na Scoile théis an Ardteist de bharr an fás, foghlaim & féin-fhorbairt a thárlaíonn san Idirbhliain.

Is éard atá i gClár na hIdirbhliana ná clár bliana leithleach chun forbairt phearsanta, shóisialta, oideachasúil agus ghairmiúil na scoláirí a chur chun cinn agus chun iad a ullmhú dá róil mar bhaill neamhspleácha, rannpháirteacha agus fhreagracha den tsochaí. (Treoirlínte do Chláir na hIdirbhliana, 1994, an Roinn Oideachais) Soláthraíonn an Idirbhliain droichead chun cabhrú le scoláirí sa trasdul ón gcineál foghlama spleách a bhaineann leis an tSraith Shóisearach go dtí an timpeallacht foghlama neamhspleách a bhaineann leis an tSraith Shinsearach. Spreagann sé forbairt réimse leathan scileanna inaistrithe do smaointeoireacht chriticiúil agus réiteach fadhbanna.

Ceisteanna Coitianta

lighter pic.jpgceol.jpg

turas scoile.jpgMargadh & soilse Nollag.jpgcodladh amuigh.jpguisce.jpgIMG_20201110_175054_744.jpg

Indreabhán, Co. na Gaillimhe
091 593 119
Teagmháil linn
Suíomh / Location
© 2024 Coláiste Cholmcille