Coláiste Cholmcille

Clár Scoile an Teastais Shóisearaigh

Cad atá sa Teastas Sóisearach – Clár Scoile (TSCS)?

Clár náisiúnta atá urraithe ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta agus ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) is ea an Teastas Sóisearach – Clár Scoile (TSCS). D’eascair sé ó na cláir luathfhágálaithe scoile arna dtionscnamh ag an Aonad Forbartha Curaclaim. Tá an clár i bhfeidhm i níos mó ná 240 scoil ar fud na tíre faoi láthair.

Aidhmeanna

Is é an aidhm atá leis an Teastas Sóisearach – Clár Scoile creat curaclaim a chur ar fáil a chabhraíonn le scoileanna agus le múinteoirí an Teastas Sóisearach a dhéanamh níos inrochtana do na daoine óga siúd a d’fhéadfadh an scoil a fhágáil gan cáilíochtaí foirmiúla a bheith acu. Féachann sé le cuidiú a thabhairt do dhaltaí rath a bhaint amach agus féiníomhá dhearfach a fhorbairt trí chreat curaclaim agus measúnachta a chur ar fáil atá oiriúnach dá gcuid riachtanas. Ar chríochnú an chláir, faigheann daltaí próifíl, atá ina taifead oifigiúil ar a gcuid éachtaí, ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta.

Tá an Clár bunaithe ar an gcoincheap go bhfuil gach duine óg in ann fíor-rath a bhaint amach ar scoil agus gur féidir leo eispéireas scoile dearfach a bheith acu má tá na dálaí fabhrach dóibh.

Soláthraíonn an Clár TSCS creat curaclaim a chabhróidh le scoileanna agus le múinteoirí aonair cur chuige atá dírithe ar an dalta a ghlacadh i leith an Teastais Shóisearaigh. Tá an cur chuige dírithe go háirithe ar na daltaí siúd nach dóigh dóibh rath a bhaint amach ar scoil nó ar dóigh dóibh an scoil a fhágáil go luath.

Níl sé mar mhalairt ar an Teastas Sóisearach, ach tá sé le bheith mar chreat tacaíochta dó. Tá sé mar aidhm aige a chinntiú go ndéanfaidh na daltaí rannpháirteacha uile an scrúdú céanna Teastais Shóisearaigh agus a dhéanfaidh a gcuid comhdhaltaí, san oiread ábhar agus is féidir leo rath a bhaint amach iontu.

Straitéis Litearthachta agus Uimhearthachta an TSCS

Tacaíonn Straitéis Litearthachta agus Uimhearthachta an Teastais Shóisearaigh – Clár Scoile le scoileanna chun cur chuige scoile uile a chur i bhfeidhm i leith litearthachta agus uimhearthachta.

Tá cur chuige scoile uile mar ghné amháin den chreat a chuirtear ar fáil do scoileanna mar chuid den Teastas Sóisearach – Clár Scoile; agus tá sé seo ina chlár a fhéachann leis an Teastas Sóisearach a dhéanamh inrochtana agus taitneamhach do dhaoine a d’fhéadfadh an scoil a fhágáil go luath.

Indreabhán, Co. na Gaillimhe
091 593 119
Teagmháil linn
Suíomh / Location
© 2024 Coláiste Cholmcille