Coláiste Cholmcille

Corp Oideachas Sraith Sóisearach

Corpoideachas

Tógann an gearrchúrsa seo ar Chreat na Sraithe Sóisearaí don Chorpoideachas a úsáideann múinteoirí corpoideachais faoi láthair chun a gclár corpoideachais a phleanáil sa tsraith shóisearach. Trí rogha a dhéanamh an gearrchúrsa seo a chur san áireamh i gclár Shraith Shóisearach na scoile, bíonn deis ag scoláirí a gcuid foghlama sa chorpoideachas bheith aitheanta i nGradam Scoláire na Sraithe Sóisearaí.

Tá ceithre shnáithe ann, gach ceann acu ag díriú ar fhoghlaim i réimsí difriúla gníomhaíocht choirp: Gníomhaíocht choirp don tsláinte agus don fholláine, Cluichí, Dúshláin aonair agus foirne, Damhsa agus Gleacaíocht.

Tugann na torthaí foghlama fócas soiléir le haghaidh foghlaim scoláirí chomh maith le pleanáil múinteoirí. Ta béim ar leith ar chomhairliúchán le scoláirí faoin gcúrsa agus faoi leagan amach an mheasúnaithe, d’fhonn a chinntiú go mbíonn scoláirí inspreagtha chun foghlaim agus chun páirt a ghlacadh i gcorpoideachas.

Cliceáil ar an ngrafaic thíos

Corpoideachas

Sonraíocht churaclaim

Treoirlínte Measúnaithe

Samplaí de shaothar scoláirí (ag teacht níos déanaí)

Siollabais (Roimh 2017)

Indreabhán, Co. na Gaillimhe
091 593 119
Teagmháil linn
Suíomh / Location
© 2024 Coláiste Cholmcille