Coláiste Cholmcille

Eolas Sraith Sóisearach

An tSraith Shóisearach

Curaclam

Freastalaíonn an tSraith Shóisearach ar scoláirí sna chéad trí bliana den oideachas iar-bhunscoile.
Tugadh isteach an tsraith shóisearach ar bhonn céimnithe idir Meán Fómhair 2014 agus Meán Fómhair 2021. Tá ábhair agus gearrchúrsaí leasaithe le fáil ann, agus fócas ar phríomhscileanna, agus ar chuir chuige nua maidir le measúnú agus tuairisciú. Tá níos mó saoirse ag scoileanna chun cláir a dhearadh don tsraith shóisearach, cláir a chomhlíonann riachtanais foghlama gach scoláire. Maidir leis an tsraith shóisearach do scoláirí, is meascán d’ábhair agus gearrchúrsaí, chomh maith le taithí foghlama eile, atá mar chuid den churaclam sna scoileanna. Anuas ar mheasúnuithe rangbhunaithe, déanann scoláirí scrúduithe stáit ag deireadh thrí bliana na sraithe sóisearaí agus faigheann Próifíl Ghnóthachtála na Sraithe Sóisearaí.

Measúnuithe rangbhunaithe

I rith an dara agus an tríú bliain, cuireann scoláirí roinnt Measúnuithe Rangbhunaithe i gcrích. Anuas ar mheasúnuithe rangbhunaithe, déanann scoláirí scrúduithe stáit ag deireadh thrí bliana na sraithe sóisearaí agus faigheann Próifíl Ghnóthachtála na Sraithe Sóisearaí.

Cuirtear aonaid tosaíocht foghlama (ATFanna) ar fáil do ghrúpaí beaga scoláirí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu. Mar gheall ar na gnéithe seo bíonn na ráitis foghlama agus príomhscileanna mar dhlúthchuid de shaol an scoláire le linn thrí bliana na sraithe sóisearaí.

An tSraith Shóisearach

Sa chuid seo den suíomh gréasáin gheobhaidh tú an tsonraíocht agus an cháipéisíocht tacaíochta maidir leis na hábhair agus na gearrchúrsaí atá mar chuid den tsraith shóisearach nua, lena n-áirítear treoirlínte measúnaithe, samplaí d’obair scoláirí agus samplaí de mheasúnuithe.

Ó bhí 2014 ann, reáchtáladh an tsraith shóisearach i scoileanna, i dteannta leis an Teastas Sóisearach a bhí ann cheana. Ó 2022 ar aghaidh, beidh leasú déanta ar gach ábhar agus gearrchúrsa sa tsraith shóisearach agus beidh deireadh curtha leis an Teastas Sóisearach ina chéimeanna. Is féidir gach nasc chuig cáipéisí curaclaim d’iarchlár an teastais shóisearaigh a fháil i gcartlann na n-ábhar ar www.ncca.ie.

Indreabhán, Co. na Gaillimhe
091 593 119
Teagmháil linn
Suíomh / Location
© 2024 Coláiste Cholmcille