Coláiste Cholmcille

Gaeilge Sraith Sóisearach

An Ghaeilge

Máirtín Ó Cadhain (Author of The Dirty Dust)

Tógann Gaeilge na Sraithe Sóisearaí ar an bhforbairt teanga a tharlaíonn i rith na bunscolaíochta. Déantar treisiú ar stór focal an fhoghlaimeora agus ar na scileanna go léir teanga (an éisteacht, an labhairt, an léitheoireacht, an t-idirghníomhú cainte agus an scríbhneoireacht) a forbraíodh cheana, agus cuirtear leo. Cuirtear béim ar chothú agus ar fhorbairt na feasachta: an fheasacht teanga, an fheasacht chultúrtha mar aon le féinfheasacht an scoláire mar fhoghlaimeoir teanga.
Faoi láthair tá dhá shiollabas ann don Ghaeilge sa tsraith shóisearach. I scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Ghaeilge is í an Ghaeilge teanga oibre na scoile agus múintear an Ghaeilge T1 mar ábhar. I scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla is é an Béarla teanga oibre na scoile agus múintear an Ghaeilge T2 mar ábhar.
Is féidir leis an iarrthóir tabhairt faoi scrúdú na Gaeilge ag ceann amháin de dhá leibhéal .i. an tArdleibhéal agus an Gnáthleibhéal.

An Tasc Measúnaithe

Liostaí Litríochta

MRB na Socruithe Athbhreithnithe

Indreabhán, Co. na Gaillimhe
091 593 119
Teagmháil linn
Suíomh / Location
© 2024 Coláiste Cholmcille