Coláiste Cholmcille

Gnó Ardteist

Gnó

Tugann Gnó na hArdteistiméireachta léargas do scoláirí ar a thábhachtaí atá gníomhaíocht gnó, agus cothaíonn sé iontu dearcadh dearfach eiticiúil i leith na fiontraíochta. Cabhair is ea an próiseas foghlama sa ghnó chun smaointeoireacht chriticiúil, scileanna cruthaitheacha agus scileanna eagraíochtúla a fhorbairt sna daltaí, mar aon le scileanna litearthachta agus uimhearthachta a fheabhsú. Tugann an gnó bunsraith foghlama do dhaltaí a chuireann ar a gcumas gairm bheatha a roghnú as raon leathan gairmeacha sa ghnó, sa mhargaíocht, sa dlí, san fhiontraíocht agus sa bhainistíocht.

Ceapadh an siollabas seo do scoláirí sa tsraith shinsearach den iar-bhunoideachas agus measúnaítear é ag an nGnáthleibhéal agus ag an Ardleibhéal.

Indreabhán, Co. na Gaillimhe
091 593 119
Teagmháil linn
Suíomh / Location
© 2024 Coláiste Cholmcille