Coláiste Cholmcille

Idirbhliain Ceisteanna Coitianta

MAIDIR LEIS AN IDIRBHLIAIN / CEISTEANNA COITIANTA

CÉARD Í AN IDIRBHLIAIN?

Clár bliana is ea í a dhéantar tar éis na Sraithe Sóisearaí agus roimh chúrsa dhá bhliain na hArdteistiméireachta.

CAD IS CUSPÓIR DO CHLÁR NA HIDIRBHLIANA

Aibíocht a chur chun cinn:

  • Aibíocht ó thaobh an staidéir de, trí fhoghlaimeoirí níos féintreoraithe a dhéanamh de dhaltaí trí scileanna ginearálta, teicniúla agus acadúla a fhorbairt
  • Aibíocht ó thaobh na hoibre agus na ngairmeacha de trí scileanna a bhaineann leis an obair a fhorbairt
  • Aibíocht phearsanta trí dheiseanna a chur ar fáil chun scileanna cumarsáide, féinmhuinín agus mothú freagrachta a fhorbairt
  • Aibíocht shóisialta trí scileanna pearsanta níos fearr agus feasacht níos mó ar an saol lasmuigh de scoil a fhorbairt
  • Aibíocht a chabhróidh leis na daltaí rogha níos eolaí a dhéanamh ar ábhair le haghaidh a gcuid staidéir Ardteistiméireachta

CÉ A DHÉANANN CINNEADH AR CHLÁR NA HIDIRBHLIANA?

Déanann gach scoil a clár Idirbhliana féin a cheapadh. Dréachtaíonn an fhoireann teagaisc clár i bhfianaise Threoirlínte na hIdirbhliana agus an Ábhair Acmhainne atá foilsithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna. Cuireann siad riachtanais daltaí, tuairimí daltaí, tiomantais fostóirí agus leas níos leithne an phobail áitiúil san áireamh freisin. Ba chóir measúnacht a dhéanamh ar an gclár gach bliain, agus ionchur a fháil ó na páirtithe seo, agus ba chóir don fhoireann teagaisc athbhreithniú a dhéanamh air.

CÉ NA HÁBHAIR A NDÉANTAR STAIDÉAR ORTHU?

Athraíonn sé seo ó scoil go scoil ach i ngach scoil leanann daltaí amchlár mar a dhéanann siad i mblianta eile. Oibríonn formhór na gclár i dtreo cothromaíocht a fháil idir roinnt leanúnachais sna croí-ábhair, blaiseadh agus sampla a fháil d’ábhair eile, réimse cúrsaí sainiúla a dearadh chun léargas na ndaltaí a fhairsingiú agus roinnt modúl agus gníomhaíochtaí a dhíríonn go sonrach ar an aibíocht atá lárnach d’idéal na hIdirbhliana a chur chun cinn.

FIÚ MÁ TÁ NA CLÁIR SEO AR FAD ÉAGSÚIL, CAITHFIDH SÉ GO BHFUIL ROINNT GNÉITHE COMÓNTA DON CHLÁR IN GO LEOR SCOILEANNA?

Cuireann go leor scoileanna modúil, gearrchúrsaí ar thopaicí ar leith, ar fáil. Cuireann formhór na scoileanna clár taithí oibre ar fáil. Is bealach coitianta foghlama an mhionchuideachta, nuair a bhunaíonn agus a fheidhmíonn daltaí fíorghnó. Is gnéithe de go leor clár iad aoi-chainteoirí mar aon le turais taobh amuigh den seomra ranga. Bíonn obair thionscadail, ina ndéanann daltaí taighde neamhspleách, a bhíonn níos fairsinge ná an ‘obair baile’ thraidisiúnta, coitianta in go leor clár chomh maith.

CÉARD FAOI SCRÚDUITHE?

Bíonn measúnú lárnach in aon chlár foghlama fiúntach. Is deis atá san Idirbhliain imeacht ón ngnáthmheasúnú de scrúdú scríofa ag deireadh na bliana. Leagtar béim ar mheasúnú athraitheach agus leanúnach agus na daltaí féin páirteach i measúnú a dhéanamh ar a láidreachtaí agus laigí foghlama féin. Spreagtar chomh maith obair thionscadail, obair phunainne agus taispeántas d’obair na ndaltaí. Déanann gach scoil a socruithe féin maidir le tuairisc a thabhairt do thuismitheoirí agus as teastais a thabhairt do dhaltaí a chríochnaíonn clár na hIdirbhliana.

AN FÉIDIR LEIS AN IDIRBHLIAIN A BHEITH INA CHUID DE CHLÁR TRÍ BLIANA NA HARDTEISTIMÉIREACHTA?

Is clár scoildeartha, sainiúil atá i gclár na hIdirbhliana agus níor cheart go mbeadh sé mar chuid d’Ardteistiméireacht trí bliana. Tá an Idirbhliain mar chuid den tSraith Shinsearach agus leagann sé bunchloch dhaingean do staidéir na hArdteistiméireachta. Ba cheart go dtabharfadh clár na hIdirbhliana dúshlán intleachtúil agus léargas ar shaol na hoibre do dhaltaí agus freastal ar fhorbairt a bhfeasacht phearsanta agus shóisialta. Léiríonn taighde go bhfaigheann daltaí a dhéanann an Idirbhliain, de ghnáth, pointí níos airde san Ardteistiméireacht; seans go dtarlaíonn sé seo de bharr fhorbairt a scileanna staidéir ginearálta mar aon le forbairt na scileanna a theastaíonn do gach ábhar aonair.

AN BHFUIL AN IDIRBHLIAIN FEILIÚNACH DO GACH DALTA?

Tig le gach duine óg tairbhe a bhaint as an gclár de bharr na béime a leagtar ann ar fhorbairt agus ar aibíocht. Tig leis an Idirbhliain deis a thabhairt d’fhorbairt intleachtaí éagsúla an dalta, idir theanga, loighicmhatamaiticiúil, spásúil, cheol, chorp-chinéistéiseach, idirphearsanta, inphearsanta agus nádúraí. Tig le clár na hIdirbhliana croíscileanna don 21ú haois a fhorbairt chomh maith cosúil le:smaointeoireacht, obair foirne agus teicneolaíocht.

CÉN CHAOI A MBÍONN TUISMITHEOIRÍ PÁIRTEACH?

Is gné lárnach i dtaithí rathúil na hIdirbhliana é tuiscint agus tacaíocht tuismitheoirí d’fhoghlaim daltaí. Eagraíonn formhór na scoileanna seisiúin do thuismitheoirí na ndaltaí sa tríú bliain chun clár na hIdirbhliana a phlé. Ba cheart do thuismitheoirí freastal air seo agus a bheith páirteach ann. Cuireann roinnt tuismitheoirí a saineolas ar leith ar fáil don scoil le linn na hIdirbhliana. Ba cheart go mbeadh tuismitheoirí páirteach i measúnú na scoile ar an gclár. Ba cheart do thuismitheoirí a mic agus a n-iníonacha a spreagadh chun úsáid a bhaint as na deiseanna ar fad a chuireann an clár uathúil seo ar fáil.

I SCOIL INA BHFUIL AN IDIRBHLIAIN ROGHNACH, AN AIREOIDH NA DALTAÍ A GCAIRDE A THÉANN AR AGHAIDH GO DÍREACH CHUIG AN ARDTEISTIMÉIREACHT UATHU?

Is fíor go scarfar cairde mura roghnaíonn siad ar fad an Idirbhliain a dhéanamh. Ach, mura ndéanann a gcairde an clár Ardteistiméireachta céanna agus/nó na grúpálacha ábhair céanna don Ardteistiméireacht, scarfar iad ar aon nós. Tá sé dainséarach cinntí tábhachtacha a dhéanamh faoi do chuid oideachais bunaithe ar na rudaí a theastaíonn ó do chairde!
Tá beartas ag formhór na scoileanna chun daltaí na hIdirbhliana a chomhtháthú go luath sa bhliain acadúil. De ghnáth, déantar é seo trí chlár insealbhaithe do dhaltaí na hIdirbhliana agus/nó gníomhaíochtaí neartaithe na foirniúlachta e.g. clár Gníomhaíochtaí Allamuigh in Ionad Eachtraíochta.

Indreabhán, Co. na Gaillimhe
091 593 119
Teagmháil linn
Suíomh / Location
© 2024 Coláiste Cholmcille