Coláiste Cholmcille

OSPS Sraith Sóisearach

Oideachas Sóisialta Pearsanta agus Sláinte

Tógann an gearrchúrsa seo ar Chreat na Sraithe Sóisearaí don Oideachas Sóisialta Pearsanta agus Sláinte a úsáideann múinteoirí OSPS faoi láthair chun a gclár OSPS a phleanáil sa tsraith shóisearach. Trí rogha a dhéanamh an gearrchúrsa seo a chur san áireamh i gclár Shraith Shóisearach na scoile, bíonn spás agus am tiomanta ann ag scoláirí chun foghlaim fúthu féin, aire a thabhairt dóibh féin agus cinntí eolasacha a dhéanamh faoina sláinte agus a bhfolláine. Bíonn deis acu freisin a gcuid foghlama san OSPS bheith aitheanta i nGradam Scoláire na Sraithe Sóisearaí. Tá ceithre shnáithe ann, gach ceann acu ag díriú ar fhoghlaim i réimsí difriúla ach idircheangailte don oideachas sóisialta, pearsanta agus sláinte: 'Cé mé?', 'Aire a thabhairt dom féin agus do dhaoine eile', 'Dul i bpáirt le chéile', agus 'Mo shláinte mheabhrach'. Tugann na torthaí foghlama fócas soiléir le haghaidh foghlaim scoláirí chomh maith le pleanáil múinteoirí. Ta béim ar leith ar thábhacht ghníomh agus rannpháirtíocht scoláirí sa phróiseas foghlama mar eochair don fhoghlaim san fhearann mothachtálach.

Indreabhán, Co. na Gaillimhe
091 593 119
Teagmháil linn
Suíomh / Location
© 2024 Coláiste Cholmcille