Coláiste Cholmcille

Stair Ardteist

An Stair

Is é ábhar Stair na hArdteistiméireachta saol na ndaoine a ghabh romhainn. Déantar imscrúdú ar an bhfianaise atá ar marthain maidir le saol ár sinsear. Cothaíonn an cúrsa teagmháil idir an scoláire agus daoine a ghabh romhainn, a mhair i saol a bhí neamhchosúil, ar mhórán bealaí, le saol an lae inniu. Cothaítear tuiscint sna daltaí ar staid an duine agus ar na rudaí a inspreagann an duine. Trí dhíriú ar mheastóireacht ar fhianaise, rannchuidíonn sé go mór chun smaointeoireacht chriticiúil an scoláire a fhorbairt. Trí bheith páirteach i dtaighde, foghlaimíonn scoláirí conas dul i mbun foghlaim neamhspleách.

Déantar Stair na hArdteistiméireachta a mheasúnú ag dhá leibhéal – Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal. Dhá chomhpháirt measúnachta a bhíonn ann – tuarascáil ar staidéar taighde (a chuirtear ar aghaidh roimh an scrúdú) agus scrúdú scríofa.

Indreabhán, Co. na Gaillimhe
091 593 119
Teagmháil linn
Suíomh / Location
© 2024 Coláiste Cholmcille